___________________________________________________________________________________________________

_

eolas | taispeántais | ealaíontóirí | ionaid | spáis saothair

___________________________________________________________________________________________________

_

Cronascóip | 13 Meitheamh - 2 Iúil | Teach Newman, 85-86 Faiche Stiabhna

Is rud í an nua-aimsearthacht a taibhsíodh dúinn. Sa lá atá inniu ann, fuaireamar le hoidhreacht ailtireacht na haislinge sin, ach an bhfuil an aisling féin féin faighte in oidhreacht againn? Um Shamhradh, tugadh cuireadh d’ealaíontóirí ó Ghailearaí Glas Ar Rua, Baile Átha Cliath chun ceistiú agus idirghabháil a dhéanamh i spásanna Theach Newman, 85-86 Faiche Stiabhna, ina bhfiosrófar láithreachtaí agus neamhláithreachtaí iarmharacha an spáis ghalánta ard-nua-aimseartha, agus guth á thabhairt do bhrionglóidí nua-aimsearthachta nach raibh riamh ann agus iad a threascairt chomh maith. Tógadh Teach Newman ar dtús sa bhliain 1738 agus ba é suíomh bunaidh Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath é. D’fhreastail daoine iomráiteacha amhail James Joyce ar léachtaí sna foirgnimh. I láthair na huaire, tá bailiúchán saibhir d’oidhreacht ealaíonta agus ailtireachta sna foirgnimh.

Is é Ian Russell atá ina choimeádaí air i gcomhar le Jerome Ó Drisceoil, Stiúrthóir Ghailearaí Glas Ar Rua agus beidh saothar nua le Alice Maher, Bea McMahon, Dennis McNulty, Niamh O’Malley, Paul Mosse agus Nigel Rolfe mar chuid den taispeántas. Tacaíonn coimeádaí Theach Newman, Ruth Ferguson, leis an taispeántas.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ag: http://www.amexhibition.com. Is féidir teacht ar a thuilleadh eolais faoi Theach Newman ag: http://www.ucd.ie/campusdevelopment/developmentprojects/newman_house.html.

___________________________________________________________________________________________________

______

Ábhar agus Meon, An Séú Comhdháil Dhomhanda Seandálaíochta, Scoil na Seandálaíochta, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, BÁC 4, Éire

(@) http://www.ucd.ie/wac-6     (@) http://www.amexhibition.com     (e) info(at)amexhibition.com
(t) +353 (0)87 654 8301    (f) + 353 (0)1 716 1184

Deartha ag iArchitectures (2008).