___________________________________________________________________________________________________

_

eolas | taispeántais | ealaíontóirí | ionaid | spáis saothair

___________________________________________________________________________________________________

_

Teach Newman, 85-86 Faiche Stiabhna | 13 Meitheamh - 2 Iúil | Cronascóip

Stair an Fhoirgnimh

Cuimsíonn Teach Newman, foirgneamh bunaidh UCD, trí fhoirgneamh – dhá theach cathrach Sheoirseacha agus halla Victeoiriach. Tá cáil ar an dá theach cathrach, Uimhir 85 agus 86 ar Fhaiche Stiabhna mar gheall ar an taobh istigh álainn agus an obair phlástair den scoth atá iontu.

Newman House
Teach Newman, 85-86 Faiche Stiabhna

Dhear Richard Castle Uimhir 85 i 1738 mar theach príobháideach do Hugh Montgomery agus tá sé déanta ar stíl phalladiach. Bhí Richard Castle, ailtire a rugadh sa Ghearmáin, ar dhuine de na hailtirí ba bhisiúla in Éirinn sa chéad leath den ochtú céad déag agus i measc go leor foirgneamh eile, dhear sé Teach Carton, Co. Chill Dara; Teach Laighean, Baile Átha Cliath agus Teach Russborough, Co. Chill Mhantáin.

Ba é Uimhir 85 an chéad teach ar a raibh aghaidh chloiche ar Fhaiche Stiabhna agus tá obair stucó den scoth air a rinne deartháireacha Lafranchini ón Eilvéis. Sa Seomra Apollo ar an mbun-urlár, tá radhairc de naoi mbéithe na n-ealaíon agus léiriú ar Apollo Belevedere os cionn an tinteáin. Tá síleáil iontach sa Salún ar an gcéad urlár, ar a bhfuil radhairc chlasaiceacha de rialtas maith agus geilleagar stuama agus tá sé ar an taobh istigh ón ochtú céad déag is fearr in Éirinn.

Entrance hall number 85, St Stephen’s Green
Halla uimhir 85, Faiche Stiabhna   

Rinneadh athchóiriú ar Uimhir 85 ar bhonn céimithe ó 1989 go 1993 agus is sampla maith é den dea-chleachtas athchóirithe. Ba iad Sheehan agus Barry ailtirí an tionscadail athchóirithe agus Comhairle Náisiúnta na hOidhreachta, Gallaghers Teo. agus Foirgnimh agus Seirbhísí UCD a mhaoinigh é.

Téann Uimhir 86 siar go 1765 agus thóg Richard Chapel Whaley é. Ba é R C Whaley athair Buck Whaley, boicín agus cearrbhach a raibh droch-cháil air. Tá Uimhir 86 chomh leathan le cúig bhá agus tá ceithre stór ann os cionn íoslaigh. Tá sé ar cheann de na tithe is mó ar Fhaiche Stiabhna. Tá obair phlástair bhreá ann ó Scoil Oibrithe Stucó Bhaile Átha Cliath. Tá cáil ar leith ar an teach don obair stucó bhreá ar an staighre a rinne Robert West, an fear is mó a bhí ag plé le hobair phlástair ar stíl Bhaile Átha Cliath.

The Great Stairs, number 86, St Stephen’s Green
An Staighre Mór, uimhir 86, Faiche Stiabhna

Tógadh an Aula Maxima in 1879 mar phríomh-halla tionóil don ollscoil.

Osclaíodh Ollscoil Chaitliceach na hÉireann (CUI), réamhtheachtaí UCD, i dTeach Newman in 1854 faoi reachtaireacht an Dr John Henry Newman agus faoi sheansailéireacht an Dr Paul Cullen. Bhí Newman ina dhiagaire dearscnaitheach agus scoláire sa ré Victeoireach. Tar éis dó iompú ar an gCaitliceachas, bhí Newman ina bhall ceannasach de ghluaiseacht Oxford agus bhí clú agus cáil air mar scoláire agus oideachasóir. Is é an CUI an t-aon institiúid tríú leibhéal a raibh baint ag Newman ina bunú agus cuirtear síos ar a chuid tuairimí i leith an oideachais in ‘The Idea of a University’ sraith léachtaí a tugadh i mBaile Átha Cliath in 1852.

The Bishop’s Room, Number 86, St Stephen’s Green
Seomra an Easpaig, Uimhir 86, Faiche Stiabhna

Dar le JH Newman, bhí sé fíorthábhachtach go mbeadh ionad adhartha in ollscoil chaitliceach do chomhaltaí foirne agus do mhic léinn. Osclaíodh Séipéal na hOllscoile sa bhliain 1856 agus ba é Newman a dhear é i gcomhar leis an ailtire agus ealaíontóir John Hungerford Pollen. Ceann de na tréithe is mó a dtabharfadh duine suntas dó istigh ann ná an marmar atá le fáil ann, ar de bhunadh na hÉireann é. Tógadh an séipéal ar mhúnla sheanfhoirgnimh baislice na luath-eaglaise Críostaí.

Ar na daoine iomráiteacha eile a luaitear leis an bhfoirgneamh, áirítear an file Íosánach Gerard Manley Hopkins, a fuair bás anseo sa bhliain 1889, agus an scríbhneoir James Joyce, a bhí i mbun staidéir anseo ó 1898 go 1902.


An Úsáid a Bhaintear as an bhFoirgneamh sa Lá atá Inniu ann

Ar an 21 Feabhra 2005, sheol UCD [International Centre for Newman Studies] (ICNS). Ionad acadúil é an ICNS, arna bhunú ag UCD i gcomhpháirtíocht le Fondúireacht Newman na hÉireann. Is é an cuspóir atá leis staidéar agus taighde léannta ar shaol agus ar shaothair John Henry Newman a éascú. Ba é Newman bunaitheoir Ollscoil Chaitliceach na hÉireann, nó an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, mar atá anois uirthi.

Baintear úsáid as Teach Newman sa lá atá inniu ann le haghaidh imeachtaí ar leith. Is féidir le daoine dul ar thuras treoraithe timpeall an tí agus foghlaim faoin stair agus faoin ailtíreacht a ghabhann leis an bhfoirgneamh. Is ann atá an t-aonad riaracháin, leis, mar aon le haonaid éagsúla eile de chuid an Choláiste lena n-áirítear Preas UCD, Foclóir RAI na Bitheolaíochtaí Náisiúnta, Ceol Tíre na hÉireann, agus Tionscadal Chnobha.


Is féidir leis an bpobal úsáid a bhaint as Teach Newman le haghaidh raon leathan imeachtaí. Téigh i dteagmháil le Ruth Ferguson, Coimeádaí Theach Newman, le haghaidh tuilleadh eolais.

Déan teagmháil le

Ruth Ferguson
Coimeádaí Theach Newman
Faiche Stiabhna

t: 01 7167427
e: ruth.ferguson@ucd.ie

_

_

___________________________________________________________________________________________________

______

Ábhar agus Meon, An Séú Comhdháil Dhomhanda Seandálaíochta, Scoil na Seandálaíochta, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, BÁC 4, Éire

(@) http://www.ucd.ie/wac-6     (@) http://www.amexhibition.com     (e) info(at)amexhibition.com
(t) +353 (0)87 654 8301    (f) + 353 (0)1 716 1184

Deartha ag iArchitectures (2008).