___________________________________________________________________________________________________

_

eolas | taispeántais | ealaíontóirí | ionaid | spáis saothair

___________________________________________________________________________________________________

_

Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann | 1 Iúil - 16 Samhain | The You That Is In It

Is é Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann institiúid cheannródaíochta na hÉireann ó thaobh bhailiúchán agus chur i láthair ealaín na linne seo. Is iomaí cineál ealaíne a chuirtear ar taispeántas ann, agus is minic a bhíonn saothair ón mBailiúchán seo acu féin le feiceáil ann, lena n-áirítear saothair de chuid na Roinne Oideachais agus Pobail, a bhain duaiseanna amach. Tá teacht níos fearr ag an bpobal anois ar shaothair ealaíne agus ar ealaíontóirí de bharr na gclár Stiúideo agus na gclár Náisiúnta a reáchtálann an Músaem.

Tá Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann lonnaithe in Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann, an foirgneamh de chuid an 17ú haois is breátha in Éirinn. Bhunaigh James Butler, Diúc Ormonde agus Fear Ionaid Rí Séarlas II, Ospidéal Ríoga sa bhliain 1684, mar thearmann do shaighdiúirí a bhí ar scor, agus is chun na críche sin a baineadh úsáid as go ceann 250 bliain ina dhiaidh. Tá stíl ailtireachta an fhoirgnimh bunaithe ar an Les Invalides i bPáras, a bhfuil aghaidh fhoirmiúil air agus clós caisleáin mór galánta ann. Tugadh chun críche tógáil Ospidéal Ríoga Chelsea dhá bhliain ina dhiaidh sin agus is amhlaidh atá cosúlachtaí stíle idir é agus an foirgneamh i bPáras freisin. Rinne an Rialtas athchóiriú ar Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann i 1984 agus osclaíodh é i mBealtaine na bliana 1991, mar Mhúsaem Nua-Ealaíne na hÉireann. Chun tuilleadh eolais a fháil ar oidhreacht Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann, lean an nasc go dtí an Clár Oidhreachta.

 

Cead Isteach Saor in Aisce.

 

Uaireanta ocailte an Mhúsaeim

Máirt – Satharn: 10.00am - 5.30pm

ach amháin ar an gCéadaoin: 10.00am - 5.30pm

An Domhnach agus Laethanta Saoire Bainc: 12 Meán lae – 5.30pm

Dé Luain: Dúnta

Cead Isteach Deiridh 5.15pm

 

Ag teacht anseo

Tá Bealach Isteach an Mhúsaeim ar an mBóthar Míleata.

Busanna: Téann busanna go Stáisiún Heuston (5 nóiméad de chos siúil via An Bóthar Míleata) 26 ó Ché Wellington; 51, 79 ó Ché Aston; 90, Bus an Dart ó Stáisiún Uí Chonghaile agus ó Stáisiún Shráid na Teamhrach go Stáisiún Heuston. Busanna go Sráid San Séamas (5 nóiméad siúil via céimeanna go Lána na hUillinne, uaidh sin go Sráid Uí Eireamhóin agus An Bóthar Míleata); 123 ó Shráid Uí Chonaill/Sráid an Dáma; 51B, 78A ó Ché Aston.

Ag tiomáint: 10 nóiméad ó lár na cathrach. Páirceáil saor in aisce.

Ag siúl: Thart ar 30 nó 40 nóiméad ó lár na cathrach.

Ar an traein: 5 nóiméad siúil ó Stáisiúin Heuston. Tóg bus uimhir 90 ó Stáisiún Uí Chonghaile agus Stáisiún Shráid na Teamhrach go Stáisiún Heuston.

Ar an Luas: Téigh ar an líne dhearg chomh fada le Stáisiún Heuston, 5 nóiméad siúil go bealach isteach an Mhúsaeim ar an mBóthar Míleata.

 

 

Is féidir tuilleadh eolais ar áiseanna agus ar rochtain cuairteoirí a fháil anseo.

 

 

___________________________________________________________________________________________________

______

Ábhar agus Meon, An Séú Comhdháil Dhomhanda Seandálaíochta, Scoil na Seandálaíochta, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, BÁC 4, Éire

(@) http://www.ucd.ie/wac-6     (@) http://www.amexhibition.com     (e) info(at)amexhibition.com
(t) +353 (0)87 654 8301    (f) + 353 (0)1 716 1184

Deartha ag iArchitectures (2008).