___________________________________________________________________________________________________

_

eolas | taispeántais | ealaíontóirí | ionaid | spáis saothair

___________________________________________________________________________________________________

_

The You That Is In It | 1 Iúil - 16 Samhain | Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann

Fiona Hallinan (Éire) le Caoimhín Ó Raghallaigh (Éire)

Is clos-suiteáil suíomhoiriúnaithe é The You That Is In It le Fiona Hallinan i gcomhar le dearthóir fuaime Caoimhín Ó Raghallaigh a threoróidh cuairteoirí trí idirghabháil isteach go spásanna ag Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA) agus ag Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann. Ag teacht le téamaí shraith imeachtaí Ábhar agus Meon, rinne Hallinan coincheapú ar chlosturas agus saothar ar pár a threoróidh cuairteoirí ó thaispeántas Self as Selves i nGailearaithe Gordon Lambert ag IMMA trí thírdhreach thailte Chill Mhaighneann, ina bhfiosraítear buanna pailmseiste na spásanna ealaíne agus oidhreachta. Beidh an ‘closatreorú’ ag freagairt do thaispeántas cláraithe Self as Selves agus ag imeacht uaidh chomh maith. Iarrann sé traschrios agus tarchéimniú a dhéanamh ar thuiscintí traidisiúnta maidir le spás an ghailearaí, ina ndéantar amharcealaíona fisiciúil trí eispéireas iomlán sinaeistéitiúil. Tá an coimisiún éascaithe ag Ian Russell i gcomhar le Christina Kennedy, Coimeádaí Sinsearach, Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann.

Self as Selves | 17 Meitheamh - 16 Samhain | Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann

Is taispeántas saothair é Self as Selves ó Bhailiúchán IMMA a fhiosraíonn nádúr sealadach ‘an duine aonair’, mar shraith staideanna neamhbhuana, a athraíonn de shíor, nach bhfuil sainithe riamh. Gaireann na hoibreacha roghnaithe tuairimí trasnaithe ar an duine aonair – go hinmheánach agus go seachtrach, go corpartha agus go coincheapúil, go pearsanta agus go comhchoiteann – agus an breathnóir a thabhairt isteach i ngluaiseacht chomhalartach staideanna aistrithe. Tá Christina Kennedy ina coimeádaí ar an taispeántas agus áirítear saothair le Janine Antoni, Maud Cotter, Hamish Fulton, Ann Hamilton, Hermione Wiltshire agus Brian O’Doherty/Patrick Ireland i measc daoine eile.

Beidh The You That Is In It oscailte an 30 Meitheamh 2008 ag an bhFáiltiú Stáit ag Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann. Cuirtear fáilte rompu siúd atá ag freastal ar an bhFáiltiú turas a thabhairt ar thaispeántas Self as Selves agus ar The You That Is In It roimh óráidí oifigiúla an fháiltithe agus ina ndiaidh.

 

___________________________________________________________________________________________________

______

Ábhar agus Meon, An Séú Comhdháil Dhomhanda Seandálaíochta, Scoil na Seandálaíochta, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, BÁC 4, Éire

(@) http://www.ucd.ie/wac-6     (@) http://www.amexhibition.com     (e) info(at)amexhibition.com
(t) +353 (0)87 654 8301    (f) + 353 (0)1 716 1184

Deartha ag iArchitectures (2008).